“Anocht is Uaigneach Éire”

Brian Bí³raimhe, ‘Imperatum Scotorum'. Brian Boru, ‘Monarch of Ireland'. (Currier and Ives)
Brian Bí³raimhe, ‘Imperatum Scotorum’. Brian Boru, ‘Monarch of Ireland’. (Currier and Ives)

Is mó dán a ghin an tarlaing a dtugtar ‘Imeacht na nIarlaí’ coitianta air. Bainean dhá cheann de na dánta sin leis an imeacht féin agus leis an long a d’iompair na hIarlaí thar lear: ainmníonn ceann acu (7) cuid den lucht taistil a bhí sa long, insíonn an dán eile (8) gurbh é Cú Chonnacht Mag Uidhir a sholáthair an long is a thug na hIarlaí is a lucht leanúna thar lear. Is leis an iarmhairt a lean an t-imeacht is mó a bhaineann na dánta eile; dánta éagaointeacha den chuid is mó iad a chaoineann imeacht na nIarlaí agus anstaid na hÉireann dá bharrsan. Mar a scríobh Aindrias Mac Marcais:

Anocht is uaigneach Éire,
do bheir fógra a fírfhréimhe;
gruaidhe a fear’s a fionnbhan fliuch,
treabh is iongnadh go huaigneach.

Uaigneach anocht clár Connla,
gé lán d’fhoirinn allmhardha;
sáith an chláir fhionnacraigh fhéil,
don Spáin ionnarbthair iaidséin (2: §§1–2).

Ní féidir gan díol suntais a dhéanamh dá bhfuil á chur in iúl go grinn sa line dheireanach sin: gur ionnarbadh a bhí i gceist. Faightear an briathar céanna i bhfoinsí eile ach níl ann ach briathar amháin i sraith líonmhar briathar is ainmfhocal (imeacht, síneadh, toisc, triall, turas) a chuireann an t-aos léinn in ócáid ag tagairt dóibh d’eachtra léanmhar na bliana 1607. Léiríonn sin go beacht tábhacht uathúil na ndánta seo: nochtann siad dúinn mentalité an aosa léinn, tugann léargas dúinn ar idé-eolaíocht an intleachtra dhúchais, tugann peirspictíocht ar an stair dúinn atá difriúil go maith le stair oifigiúil na bpáipéar stáit. Is suimiúlaide an líne sin gur don Spáin a ionnarbadh na hIarlaí, dar leis an bhfile; nochtar an tuairim chéanna in trí dhán eile:
Deacair nach bás don Bhanbha
d’éis an tréid chalma churadh
do thriall ar toisc don Easpáin
mo thruaighe beangáin Uladh (3: §3).

Fearghal í“g Mac an Bhaird, ‘Trí­ corí³na i gcairt Shéamais'. Fearghal í“g Mac an Bhaird‘s ‘Three crowns in King James's charter'. (RIA)
Fearghal í“g Mac an Bhaird, ‘Trí­ corí³na i gcairt Shéamais’. Fearghal í“g Mac an Bhaird‘s ‘Three crowns in King James’s charter’. (RIA)

Do chuaidh oireachas bhfear bhFáil
anonn uainne don Easpáin (7: §7).

A leithéid d’éin-chreich oile
níor ghluais . . .
le Mag Uidhir don Easpáin (8: §9).

rug dá choróin chláir na bhFionn
don Spáin is onóir Éireann (8: §10).

Do chuir fháilte ar croidhthibh cáigh
toisc na nIarladh don Easpáin (8: §37).

Tá le tuiscint as na tagairtí sin don Spáinn gur scríobhadh na dánta áirithe sin ag am an imeachta féin nó go gearr ina dhiaidh: níl an scéal tagtha abhaile fós nár bhaineadar an Spáinn amach–-an ceann scríbe a bhí beartaithe acu.
Tá na dánta a bheidh á bplé agam san aiste seo liostálta agam thíos; tugann a gcéadlínte féin chun solais go gléineach dúinn ní hamháin meanma na ndánta, ach an bhuntuiscint atá laistiar díobh. Mar cé gur filí Ultacha a scríobh na dánta seo agus gurb é ‘toisc’ na nIarlaí Ultacha is mó a ghin na dánta, is í Éire trí chéile, agus ní cúige Uladh amháin, atá thíos leis; tragóid d’Éirinn uile agus do na Gaeil trí chéile é:

Anocht is uaigneach Éire . . .            (2)
Beannacht ar anmain Éireann . . .        (3)
Cáit ar ghabhadar Gaoidhil . . .            (4)
Fríoth an uain se ar Inis Fáil . . .            (6)
Mór an lucht arthraigh Éire . . .            (8)
Mór do mhill aoibhneas Éireann . . .        (9)
Mo thruaighe mar táid Gaoidhil . . .        (11)
Tairnig éigse fhuinn Ghaoidheal . . .        (12)

Faightear an tuiscint chéanna i ndánta eile de chuid na tréimhse, fiú i ndánta nach í polaitíocht na tréimhse is príomhfhócas dóibh. Sa tuireamh a chum Fearghal Óg Mac an Bhaird ar mhuintir Dhónaill, nach bhfuil fágtha díobh anois ach an bheirt deirféar, ní hé cás na beirte sin amháin is cás leis:

Ní hí Mairgréag ná Máire
chaoinim, is cúis diombáidhe,
acht an corsa ar chró na bhFionn,
mó sa mhó osna Éireann (15: §14).

Sa dán a chum Eoghan Rua Mac an Bhaird ar Ruairí Ó Dónaill, ní hé a ainriocht sin amháin atá ag cur isteach ar an bhfile ‘acht cás oiléin na hÉireann’ (14: §10). Sraith éifeachtach íomhánna a tharraingíonn Fear Flatha Ó Gnímh chuige féin agus an cás sin á léiriú aige:

Baramhail do-bearar dóibh:
fuidheall áir d’éis a ndíobhdhóidh,
gá sníomh ó chróluighe a gcneadh,
nó is líon tóraimhe ar dtilleadh.

Nó is lucht báirce fár bhrúcht muir,
nó is drong fuair fios a saoghail,
nó is géill i ngéibheannaibh Gall
Éireannaigh fá fhéin eachtrann (11: §§2, 3).

Bhí na filí ar aon fhocal i dtaobh an ancháis sin is litríonn siad amach go neamhbhalbh an anstaid a rug ar Éirinn:

Gan gháire fa ghníomhradh leinbh,
cosc ar cheol, glas ar Ghaoidheilg;
meic ríogh, mar nár dhual don dream,
gan luadh ar fhíon nó ar aifreann (2: §5).

Ionann is éag na Fódla
ceilt a córa ’s a creidimh . . . (3: §2).

Coimhthionól tuatha i dtigh naomh,
seirbhís Dé fá dhíon bhfionnchraobh . . . (4: §13).

Tarla ó Bhóinn go bruach Lighean
dligheadh is fhiú aindligheadh,
gur bhreath shaor le fianaibh Fáil
an riaghail chlaon do chongbháil (11: §6).

Ní hé an saol polaitiúil amháin atá as riocht ach an uile ghné de shaol na hEíreann idir chultúr (ceol, Gaeilge), reiligiún (creideamh, aifreann, seirbhís Dé), reacht (aindlí, riail chlaon), is comhdhéanamh an daonra fiú (fuil chranda, d’fhuil Ghall):

Atá againn ’na n-ionadh
dírim uaibhreach eisiodhan
d’fhuil Ghall, de ghasraidh Mhonaidh,
Saxain ann is Albanaigh (4: §8).

Fuil chranda dá cora i gcion
’s na fola arda ísiol (12: §10).

Tá an Gallsmacht i réim, an tír á folcadh le fuil, an talamh féin á scrios:

Ní léigeann eagla an Ghallsmaicht
damh a hanstaid do nochtadh;
atá an chríoch réidhse ríNéill
de chrú fíréin dá folcadh (3: §4).

Roinnid í eatorra féin,
an chríoch-sa chlainne saoirNéill,
gan phoinn de mhuigh lachtmhair Fhlainn,
nach bhfuil ’na acraibh againn (4: §9).

Aonuighe in áitibh sealga,
sealga ar slighthibh suaitheanda . . . (4: §14).

D’fhearaibh Fódla is fáth orchra—
do threabhsad daimh dhanartha,
in áit graifne a ngroigheadh seang,
gach faithche um oirear Éireann (11: §8).

Cuach a bhronn Aodh í“ Néill ar Ruairidh Mí³r Mac Leoid as a chabhair sa chogadh in éadan Eilí­se, atá i gCaisleán Sgitheanach. A goblet presented by Hugh O'Neill to Rory Mí³r MacLeod for his support in the war against Elizabeth, now in Skye Castle.
Cuach a bhronn Aodh í“ Néill ar Ruairidh Mí³r Mac Leoid as a chabhair sa chogadh in éadan Eilí­se, atá i gCaisleán Sgitheanach. A goblet presented by Hugh O’Neill to Rory Mí³r MacLeod for his support in the war against Elizabeth, now in Skye Castle.

Dob fhéidir tráchtaireacht mhionchúiseach a dhéanamh ar na sleachta sin agus ar na dánta dar díobh iad; ní bhacfad ach le dhá ghné díobh anseo. Meabhraíonn an line sin Uí Ghnímh ‘dligheadh is fhiú aindligheadh’ an taobh eile—an pheirspictíocht inmheánach—den ‘sibhialtacht’ a bhí á cur siar ar na Gaeil: dlí arbh ionann é agus aindlí, reacht nach raibh ann ach ‘riaghail chlaon’ (11: §6). Léiríonn na línte ‘gan luadh ar fhíon nó ar aifreann’ (2: §5) agus ‘ceilt a córa ’s a creidimh’ (3: §2) a tháite le chéile a bhí reiligiún agus náisiúnachas anois; aon chúis amháin a bhí i gceist.

Toil Dé is peacaí na nGael

Léiriú eile ar an gcumasc ríthábhachtach sin is ea a lárnaí, sa litríocht chomhaimseartha agus sa dioscúrsa poiblí trí chéile, atá an Deonú: an tuiscint gurbh í toil Dé a stiúraigh an saol go léir ó thús ama anuas go dtí imeachtaí uile an tsaoil láithrigh idir olc agus mhaith; dá réir sin, dob fhéidir mífhortúin an tsaoil a mhíniú go loighiciúil réasúnta mar réaladh ar fhearg Dé lena phobal peacúil. Mar a chuir Lochlainn Ó Dálaigh é:

Díbirt Ghaoidheal ghoirt Bhanbha,
gé atá a chlú ar chath n-allmhardha,
fearg Dé ré gcách dá gcolgadh
is é is fháth dá n-ionnarbadh.

Díoghaltas Dé is adhbhar ann—
fir Alban, óghbhadh Lunnann
do anadar ’na n-áit sin—
cáit ar ghabhadar Gaoidhil? (4: §§19, 26).

Ach ní mór a thuiscint nach téama liteartha amháin atá i gceist, ach buntuiscint choiteann uilí:

‘Providentialism was not a marginal feature of the religious culture of early modern England, but part of the mainstream, a cluster of presuppositions which enjoyed near universal acceptance. It was a set of ideological spectacles through which individuals of all social levels and from all positions on the confessional spectrum were apt to view their universe.’

Dob fhéidir an t-áiteamh céanna a dhéanamh i dtaobh na hÉireann, dar liom; léiriú uathúil ar an teagasc sin á chraobhscaoileadh i measc an ghnáthphobail is ea an tuairisc atá againn ar an seanmóir cháiliúil a thug ‘Tyrlogh M’Crodyn, a Franciscan Friar’ i gCo. Thír Eoghain sa bhliain 1613:

‘He prayed long, exhorting them to reform their wicked lives, telling them of drunkenness, whoredom, and lack of devotion and zeal; . . . and that they should not despair nor be dismayed; though for a time God punished them by suffering their lands to be given to strangers and heretics, it was a punishment for their sins; and he bade them fast and pray and be of good comfort, for it should not be long before they were restored to their former prosperities . . .’

Ní athnuachan reiligiúnda amháin a bhí i gceist ach athnuachan náisiúnta chomh maith; ach pobal na hÉireann aithrí a dhéanamh, thiocfaí slán:

Aithrighe a-nois dá nós sin,
truagh nach déanaid meic Mhílidh . . . (4: §24).

Do gheall fáidh, fada leam
a fhearg re huaislibh Éireann,
nach maithfidhe le Dia dháibh
go dtia a n-aithrighe dh’éanláimh . . .

Fada an tréimhse a-táithí i mbroid,
freagraidh so, a phobal Pádraig,
th’aire ribh, a chlann chridhe,
ag sin am na haithrighe (6: §8, 23).

Géibheann bíoblach, fuascailt Rómhánach

Straitéis uilí ag na filí é, gné bhunúsach dá n-oiliúint ghairmiúil é, analach cuí a aimsiú a d’fhreagródh d’éirim an bhunábhair in aon dán faoi leith. Stair is litríocht na hÉireann, an litríocht Chlasaiceach, an Bíobla a chuir na hapalóga ar fáil. Agus é ag cur síos ar an mbád a thug na hIarlaí thar lear, cuireann Fearghal Óg Mac an Bhaird (8) i gcomparáid é leis an áirc a bhí ag Naoi agus le long Argho i scéal na Traí; ‘i dteidhm galair’ ó ‘bhéim súl Balair’ a bhí ithir na hÉireann dar le Ó Gnímh (3: §17); ‘meic Israhél’ is sliocht Judas Maccabaeus a úsáideann Lochlainn Ó Dálaigh mar analach (4: §§21, 22); scéal na Traí, anchás Bháibiolóin, ‘an bhroid do bhí san Éigeipht’ is ábhar comparáide ag Mac Marcais (2: §10); b’ionann ‘mic Mhíleadh’ agus ‘clann Israhéal’, dar le Fearghal Óg Mac an Bhaird (9: §39); chuir Ó Gnímh an-soiléir é:

Cosmhail re Cloinn Isra-héal
thoir san Éighipt ar éidréan,
mic Mhíleadh um Bhóinn a-bhus
ag síneadh dhóibh ó a ndúthchas (11: §17).

Séamas I-atá molta i bhfilí­ocht na Gaeilge mar rí­ uasal, í³irdheirc dlisteanach agus fí­or-chéile na hí‰ireann. James I-lauded in poetic eulogies as the noble, lawful, illustrious king and true spouse of Ireland. (National Portrait Gallery, London)
Séamas I-atá molta i bhfilí­ocht na Gaeilge mar rí­ uasal, í³irdheirc dlisteanach agus fí­or-chéile na hí‰ireann. James I-lauded in poetic eulogies as the noble, lawful, illustrious king and true spouse of Ireland. (National Portrait Gallery, London)

B’in, gan aon cheist, meafar lárnach litríocht na haoise, meafar a ghin idir dhobrón is dhóchas: bhí clann Iosrael ar deoraíocht i ndaoirse san Éigipt gur shaor Maoise iad agus gur threoraigh ar ais dá dtír dhúchais iad. Bhí a shamhail sin de dhobrón blaiste ag mic Mhíle freisin—an deoraíocht, an daoirse, an bhroid—ach b’í an cheist anois, an raibh an t-athaoibhneas i ndán chomh maith?, an raibh Maoise na nGael ar fáil?:

A Tríonóid gá dtá an chumhacht
an mbia an dream-sa ar deoradhacht
níos sia ó chathaoirlios Coinn
nó an mbia an t-athaoibhneas againn? (11: §21).

Ó tá an cuan um chrích bhFeimhin
an bhroid cionnus chuirfidhir
den fhréimh naoi-se chéibhfhinn Choinn
’s gan Maoise in Éirinn againn? (2: §11).

Ní hé atá á áiteamh ag an bhfile ‘ná fuil teacht anois ar leithéid Mhaoise chun na Gaeil a tharrtháil’, mar a deir an tOllamh Pádraig Ó Macháin, ach nach raibh Maoise ‘in Éirinn againn’. Is mór eatarthu mar bhí Maoise ar fáil, dar leis na filí, cé gur thall sa Róimh a bhí: Aodh Ó Néill b’é é. Mar a chuir Fearghal Óg Mac an Bhaird é, is é Ó Néill a bheadh mar ‘athMhaoise againn’, d’fhillfeadh sé ‘le buaidh’ agus is é a bhainfeadh ‘fine Coinn . . . a broid’ (9: §§29, 40, 44); ba mhithid dó ‘druid le hÉirinn’ (5: §19), a dúirt Muiris Óg Mac an Bhaird.

‘Trí coróna i gcairt Shéamais’

Meabhraíonn Ó Néill a bheith sa Róimh dúinn nach foláir an saothar fileata sin atá scrúdaithe go hachomair againn, nach foláir é a shuíomh sa chomhthéacs iomlán, idir chomhthéacs inmheánach (oeuvre iomlán na bhfilí atá i gceist) agus chomhthéacs seachtrach—an comhthéacs Eorpach nach mór a chur i bhfáth agus stair nó litríocht na tréimhse á plé againn. Thall sa Róimh freisin, agus é ina chónaí sa teach céanna ina raibh Ó Néill, bhí Peter Lombard, ardeaspag Ard Mhacha, an té is mó a raibh cluas an phápa aige maidir le cúrsaí na hÉireann. Ba thaca mór ag Ó Néill é Lombard tráth, ach ó thús na haoise amach ba léir do Lombard go raibh gá ag an eaglais le hatharach polasaí in Éirinn chun déileáil leis na cúinsí difriúla a bhí anois i bhfeidhm. Ní deacair an t-athrú a léiriú: sa bhliain 1570 chuir an pápa Pius V Eibhlís I faoi choinneallbhá agus scaoil caitlicigh na hÉireann óna ngéillsine di; ar chorónú Shéamais I sa bhliain 1603, d’aithin an pápa Pól V mar rí de jure ar na trí ríochta (Alba, Éire, Sasana) é. Agus b’in feasta, ar chomhairle Lombard, polasaí na hEaglaise in Éirinn: b’é Séamas I an rí ceart a raibh géillsine dlite do mar rí Éireann. Léirítear an polasaí nua agus a impleachtaí praiticiúla an-luath i litríocht na haoise: ar ‘na trí coróna’ a shealbhaigh Séamas I, dúirt Fearghal Óg Mac an Bhaird, bhí ‘coróin iongantach Éireann’, b’é Séamas ‘céile’ na hÉireann, dar leis (13: §§5, 23); bhí sé i ndán do Shéamas, dar le Eochaidh Ó hEodhasa, an bhuairt a bhaint de phobal ‘imshníomhach Éireann’, b’é ‘scaoileadh gach ceo’ acu é (10: §§13, 14); ‘ár rí uasal óirdheirc . . . ár rí uasal’ a thugann Aodh Mac Aingil ar Shéamas.

Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha, is mí³ a thuig gur gá glacadh leis na Stiobhartaigh mar rí­the í‰ireann. Peter Lombard, archbishop of Armagh, recognised the necessity for an accommodation with the new Stuart dispensation. (í“ Fiaich Library, Armagh)
Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha, is mí³ a thuig gur gá glacadh leis na Stiobhartaigh mar rí­the í‰ireann. Peter Lombard, archbishop of Armagh, recognised the necessity for an accommodation with the new Stuart dispensation. (í“ Fiaich Library, Armagh)

Aon phobal a ndeintear concas nó coilíniú air, bíonn, de ghnáth, ceithre rogha ar fáil chun déileáil leis: troid, géilleadh, comhshamhlú, comhréiteach. Dob fhéidir a áiteamh gur triaileadh gach ceann acu in Éirinn, cé gur go páirteach agus nach go huilí é. Is cinnte gur triaileadh troid, ach le géilleadh Uí Néill sa bhliain 1603, agus le himeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, ba léir go raibh an troid thart (go fóill pé scéal é); b’é an comhréiteach, is é sin le rá teacht chun réitigh éigin le Séamas, a bhí le triail feasta. Faoin am ar scríobhadh Iomarbhágh na bhFileadh (1618) ba pholasaí coiteann uilí é an comhréiteach. Luaim an téacs sin go háirithe mar sa mhonagraf atá scríofa ag an Ollamh Leerssen ar an téacs, áitíonn sé gur choimhlint idé-eolaíochtúil go bunúsach a bhí laistiar den iomarbhá liteartha agus gur réaladh í an choimhlint liteartha idir Leath Choinn is Leath Mhogha, gur réaladh í ar dhifríocht bhunúsach pholaitiúil idir an t-aos léinn sa dá chuid den tír–filí Uladh ceannairceach trodach traidisiúnta, filí na Mumhan, géilliúil réasúnta nua-aoiseach.
Ach ní thagann an fhianaise leis an téis sin. Is iad na filí Ultacha Fearghal Óg Mac an Bhaird (13) is Eochaidh Ó hEodhasa (10) is túisce a d’fháiltigh roimh Shéamas I agus roimh ‘the New Order’. Dar leis na Ceithre Máistrí (ARÉ vi: 2362) go raibh éirí amach Uí Dhochartaigh sa bhliain 1608 ar na tarlaingí ba chúis le hImeacht na nIarlaí agus plandáil Uladh. Is cinnte gur chaoin Fear Flatha Ó Gnímh ainstaid na tire is díothú na huaisle i sraith dánta éagaointeacha (3, 11, 12), ach is é an radharc deireanach a fhaighimíd air dánta molta á scríobh aige do Sir Éinrí Ó Néill (Clainne Aodha Buí), dá bheansan Martha, iníon Sir Francis Stafford, do Raghnall Mac Dónaill, iarla Aontroma, agus do Sir Art Mag Aonghusa—uaisle a raibh glactha acu le Séamas I agus a raibh conách orthu faoin reacht nua. Ní hamháin gur tugadh pardún d’Eochaidh Ó hEodhasa sa bhliain 1586, ach bronnadh 200 acra talún air faoi fhorálacha na plandála sa bhliain 1610. File Ultach—Aodh Ó Dónaill—a fhógraíonn san Iomarbhágh gur ‘le Séamas aniú ma le / Sacsa, Alba agus Éire’. Lughaidh Ó Cléirigh féin, a thóg páirt thionscantach san Iomarbhágh, bhí talamh ar cíos aige ón rí. Níl difríocht pholaitiúil dá laghad idir a dhearcadhsan agus dearcadh Uí Bhruaideadha nó dearcadh na bhfilí Muimhneacha trí chéile: táid araon anois ag glacadh leis an status quo is níl d’ábhar aighnis eatarthu maidir le Séamas ach ceist ghinealaigh—cé acu ó ríthe na Mumhan nó ó ríthe Uladh a shíolraigh sé? Léiríonn Iomarbhágh na bhFileadh, mar a léiríonn téacsanna eile na linne (Scáthán Shacramuinte na hAithridhe, Foras Feasa ar Éirinn, Annála Ríoghachta Éireann), an polasaí nua i leith an Stáit—ar dearcadh ceannasach anois é—a bhí leagtha amach agus á chleachtadh ag éilíteanna soch-chultúrtha na hÉireann: gur trí theacht chun réitigh le Séamas is fearr a d’fhéadfaí teacht slán. Níor séanadh go hiomlán riamh bagairt na n-arm, ach nuair a chuathas i mbun na n-arm arís, mar a rinneadh sa bhliain 1641, ní mór cuimhneamh i gcónaí gur ‘in ainm an rí’ a éiríodh amach. Mar a chuir Eoghan Rua Ó Néill é: ‘We are in no rebellion ourselves, but do really fight for our Prince in defence of his Crown and Royal prerogatives’.

Léitheoireacht bhreise:
M. Caball, Poets and politics: reaction and continuity in Irish poetry, 1558–1625 (Cork, 1998).
B. Ó Buachalla, Aisling Ghéar (Baile Átha Cliath, 1996).
B. Ó Buachalla, The crown of Ireland (Galway, 2007).

Is ollamh le Gaeilge is Litríocht é Breandán Ó Buachalla i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame.