Sa lá atá inniu ann, de dheasca an dul chun cinn atá déanta ar stair shóisialta, tá stairaithe ag dul thar fóir ag scaradh coincheap mar thóraíochas agus rapairíochas ó phríomheachtraí na haimsire. Ní thiocfadh staidéar a dhéanamh ar choincheap mar seo gan mórghluaiseachtaí na haoise a thabhairt san áireamh. Is fiú, fosta, príomhfheachtais mhíleata na dtrí gcogadh agus cruatan na bpolasaithe a cuireadh i bhfeidhm in éadan na gCaitliceach, a mheas, mar aon leis na gortaí móra agus na comhchealga páipaireachta a chuir isteach ar shuaimhneas na tíre i Réimeas Shéarlas II.
Tá an-athrú tagtha ar stairsheanchas an tóraíochais ón chéad seo a chuaigh thart. Sa naoú haois déag, é tuairim Phrendergast gur gné den náisiúnachas a bhí ann. I gcodarsnacht leis seo, dhírigh Froude ar na haingníomhartha a d’imrítí ar na plandóirí úra sa seachtú haois déag, ar mhaithe le fo-aidhmeanna polaitíochta sa naoú haois. Glacadh le tráchtas Phrendergast go dtí le gairid agus bhí áit speisialta ag na tóraithe/rapairí i naomhsheanchas an tradisiúin náisiúnta in Éirinn.
Mheas Beckett nach raibh iontu ach gnáthropairí. Leathnaigh Cullen an tuairim seo, á rá nach raibh sa tóraíochas ach iarsma de mheirleachas méan-aoiseach. Rinne Connolly staidéar orthu i gcomhthéacs leabhair Hobsbawm ar an Mheirleach/Ceithearnach sóisialta. Níl dabht ar bith ach go bhfuil fiúntas leis an chomparáid seo ach ní mór dúinn bheith faicheallach ag iarraidh tóraíochas a bhrú isteach i veist-cheangal teibí an cheithearnaigh shóisialta.
Na stairaithe eile a phléigh leis, chruthaigh siad beathaisnéisí beaga bídeacha fá choinne na bpríomhthóraithe le tabhairt mar scátháin do thóraíochas i gcoitinne. Gné de sheanchóras na nGael a bhí ann, a raibh dlúth-bhaint ag robáil beithíoch agus cóisireacht leis. Chomh luath is a théann na hIarlaí ar deoraíocht, áfach, is a thagann plandóirí ina n-áit, tagann fo-mhínithe polaitíochta úra chun tosaigh a bhaineann le tóraíochas, a d’aithin cuid mhór scríbhneoirí comhaimseartha, Aonghus Mac Daighre Ó Dálaigh, Éamonn an Dúna agus Séamus Dall Mac Cuarta, ina measc.
An comhthéacs míleata
Nuair a cuireadh fórsaí na Comhdhála faoi chois i 1652, ghabh lucht leanúna Chromail seilbh ar thailte na n-uaisle réabhlóideacha. Chuaigh cuid mhór díobh isteach sna tóraithe dá bharr, nó thug siad cuidiú, lóistín agus tuarascáil faoina naimhde dóibh. Má scrúdaítear tóraíochas mar choincheap sóisialta amháin, is minic a fhaightear léargas simplí, aon-taobhach ar iontas casta, a raibh gnéithe míleata, polaitíochta agus soch-eacnamaíochta ag baint leis.
Thiocfadh linn claontas creidimh/cine an tóraíochais a thomhas leis an litríocht chomhaimseartha, i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban. Tá comparáid mhaith le déanamh idir stair na hÉireann agus stair na hAlban san Idir-Réimeas. Bhí na fadhbanna míleata céanna ag an dá fhórsa in éadan airm na Pairliminte. Lena chois sin, tá comparáidí fiúntacha le déanamh idir eachtraí na dtóraithe in Éirinn agus a scátháin in Albain, ar a dtugtar ‘Moss-troopers’ orthu.
Úsáideadh an focal den chéad uair sa Bhéarla i bpáipéir Urmhumhan ag trácht ar mheirligh agus gadaithe ag robáil is ag tochas ar a gceirtlíní féin i rith an chogaidh. Lena chois sin, déantar cur síos cruinn ar úsáid an fhocail sa tráchtas stairiúil comhaimseartha, The Aphorismical discovery of the treasonable Faction.
Míníonn an t-údar dúinn go raibh díphearsanú ar siúl ag na ríogaithe in éadan na gComhdhálach. Chomh luath is a tháinig scaifte de shaighdiúirí Shéarlas I i dtír, gabhadh iad ag an mhaor Charles Cavanagh agus a chuid tóraithe:
not knowing what the word tory did import, judging it rather a monster than a man, major Charles Cavanagh got between them and Tuam, took them all prisoners…entertained them very highly…, they highly commended him and his train, thinking the tories were savodg (sic) men or beasts.
Léirigh sé níos moille nach ndéantaí idirdhealú ar bith idir ‘tóraí’ is ‘Éireannach’:
Dwaltach Caoch, Christopher Kelly and Murtagh O’Brien in Munster who are all tories as the enemy nowadays terms the Irish.
Tá fo-chúiseanna míleata taobh thiar den díphearsanú seo. Is léir gur athraigh na Comhdhálaigh a gcuid feachtas míleata, ó airm mhóra sheasta go grúpa beaga sna coillte is sna fásaigh, a bhí ag gadaíocht, ag déanamh ionsaithe is slada ar shaighdiúirí Chromail agus ar phlandóirí i gcoitinne.
Mar sin de, tá taobh polaitíochta ag baint leis na tóraithe is le tóraíochas, chan mar fheiniméan náisiúnach, in ainneoin go bhfuil cuid den fhírinne stairiúil sa chlaonadh náisiúnta atá acu sa stair, sa bhéaloideas agus i naomhsheanchas na tíre seo. Is éard atá ann ná go bhfuil dlúthcheangal idir tóraíochas agus fórsaí na Comhdhála, mar aon leis na tubaistí móra a thit ar Chaitlicigh sa seachtú haois déag. Mhair an ceangal seo i gCúige Uladh go dtí gur tháinig Séamas II i réim i 1684 agus ina dhiaidh sin nuair a bhog Uilliam isteach i dtír agus nuair a tarraingaíodh na rapairí isteach i láthair an chogaidh ag Séamas II.
Bhí cuid de na seanuaisle díshealbhaithe taobh thiar den tóraíochas, a bhfuil Éamonn an Chnoic agus a chomhdhálach Séan Ó Duibhir an Ghleanna orthu, an duine uaigneach ar imeall an phobail ag iarraidh seilbh a fháil ar a chuid tailte:
Cé hé sin amuigh ar mhaoilinn an chnoic
Ag síorchur mo chodladh amú orm;
Tá Éamonn an Chnoic, an péarla breá fir
Is é ag iarraidh dhul ina dhúiche.
Ba é Donogh Ó Derrike, áfach, an tóraí ba mhó le rá san Idir-Réimeas. Bhí sé iontach gnóitheach i gCúige Laighean agus tá cuid mhór scéalta is ráflaí faoi sna páipéir nuachta. Bhí a ghníomhartha chomh flúirseach, fíochmhar, fuilteach sin go raibh sé, mar a deir urlabhraí comhaimseartha faoi, ‘the dread of Leinster and the talk of Ireland’. Is cosúil gur ríogaí de shaghas éinteacht a bhí ann nó gur cuireadh ríogas ina leith chun damáiste a dhéanamh do chúis Shéarlas Stíobhart. Dúradh fosta gur thóg sé teideal míleata ríogach dó féin, ‘general of his majesty’s small forces’. D’ionsaigh sé na plandóirí úra agus mharaigh sé seachtar a bhí ag obair ar léarscáilíocht Phetty, ‘a bloody fellow who has murdered many and discouraged plantation’.
Tóraíochas agus an dlí
Bhí tóraíochas i measc na bpríomhfhadhbanna a bhí ag rialtas Chromail. Craolodh fógra ag an Choirnéal Hewson i mí Feabhra 1649, gobharnóir Bhaile Átha Chliath (mar aon le hUrmhumhain roimhe) ag iarraidh go ndíolfadh clanna na dtóraithe as an ghadaíocht a bhí déanta ag a muintir. Ar ndóigh bhí dualgas orthu an pionós seo a leathnú siocair nach raibh siad ábalta teacht ar dhaoine muinteartha na dtóraithe. Tógadh an t-airgead ó na bailte fearainn a raibh na tóraithe gnóitheach iontu, pionós a chuirtí i bhfeidhm go dtí lár an ochtú haois déag, dlí míchothromach atá léirithe ag Éamonn an Dúna (c. 1658):
Tories ghuirid d’fhuirinn an tsléibhe
is an fear istigh gan chor gan chéim as
caithfidh a íoc gach ní dá ndéineann
an tóraí amuigh má bhíonn tú gaol leis
is dá mbiaidh gan fios cia rinn an t-éileamh
caithfidh an tír an díol so dhéanamh.
Má tá dí-pholaitiú déanta ar thóraithe i rith an chogaidh, rinneadh dí-phearsanú orthu fosta. Théití ag seilg orthu mar a bheadh ainmhithe fiáine ann, theaspáintí a gcinn crochta in airde ag crosbhóithre chun scanradh a bhaint as a gcomráidí agus as daoine i gcoitinne, nós a mhair go dtí lár an ochtú haois déag. Tháinig sealgairí chun cinn, a leithéid is ‘Tory Will’ Hamilton, William Lucas agus Séan an Fheadha (18ú haois), ag seilg orthu mar a bheadh géim ann. Bhí siad siúd chomh fada ar shiúl ó ghnáth-phróisis an dlí is a bhí na tóraithe féin agus tugadh cead a gcinn dóibh i rith na haoise sa réimeas dlí.
An pholaitíocht agus na tóraithe i ríocht Shéarlas II
Chomh luath is a tháinig Séarlas II ar ais ina réim i 1660 tháinig tóraíochas ar ais sa láthair pholaitíochta arís. Tá sé thar a bheith tábhachtach gur tugadh leisce i gcuid de na ráitis comhaimseartha ar son na ndaoine a bhí ag tóraíocht de dheasca an bhochtanais agus dílseacht don rí:
Many who had lived under the king’s authority were so unmercifully stripped of their fortunes and some to their very shirts by the victorious rebels, those who had not a morsel of bread left on their own and had no access to the kings quarters, taking sanctuary in the woods and catching whatever they could from the parliamentarians to keep alive when the very hull of government was ship-wrecked, were put into the same class as rebels because they endeavoured to supply the exigencies of nature by taking their own or the like spoil from the arch-rebels and traitors, or rather because they had been woodkerne against the parliamentarians.
Caithfear an argóint seo a chur san áireamh nuair a smaoinítear ar an mhíchothromas a bhí ag baint le hAchta Socraithe Shéarlais, go mór mór do Chaitlicigh i gCúige Uladh. Is fiú, fosta, tagairt a dhéanamh do na freagraí a bhí a scaipeadh thart ag muintir Chromail is na plandóirí úra do na pointí seo thuas, ina bhfuil a meon caolaigeantach faoi údarás agus leas an phobail ann, a léiríonn na fo-mhínithe láidre a bhí ag baint leo
to which we answer we only understand woodkerne and tories, men without authority who rob, kill and destroy to satisfy their own appetites, without any regard for the common good, undergoing a beastial employment, living like a beast of prey.
Ní thiocfadh na focail seo, pé acu authority, common-good, law nó Tóraí a scaradh ó eachtraí na haoise ina n’úsáidtí iad, rud atá déanta ag cuid de na staraithe sa lá atá inniu ann.
Dearcadh na nGael
Bhí cuid de phríomhthréithe an tóraíochais ag dul leis an sean-saol gaelach, go mór mór cruinniú cíosa dhuibh agus airgead cosanta agus cóisireacht. D’aithin cuid de na scríbhneoirí comhaimseartha, leithéid Gookin, Urmhumhan, Petty, Essex, Oilibhéar Pluincéad, Acheson agus Southwell go raibh an-bhaint idir na seanuaisle díshealbhaithe agus an tóraíochas, go mór mór nuair a bhí gorta nó easpa de chineál éinteacht ag brú anuas orthu. San aoir chomhaimseartha Pairliment Chloinne Tomáis, cáintear na huaisle seo (le híoróin, ar ndóigh!) siocair go raibh siad ag cóisireacht ar a sean-fhó-thionontaí (1670):
fos ní bhfuil don druing dhaonna dream as measa ná na meathaigh uaisle, acht clanna ceithearnach amháin, óir ní boduig re hobuir ná humhacht ná re biadhachas agus iad, bíd féin agus na meathaig uaisle ag síoriarruig turruigheachta druinne mar dhaoinibh maithe.
Níl aon amhras ná go raibh an tír go measartha suaimhneach i Réimeas Shéarlas II. Ach má thugtar na tubaistí eacnamaíochta, na gortaí agus na comhchealga pápaireachta san áireamh, ní mór dúinn bheith faicheallach le ginearálú mar seo. In ainneoin go ndiúltaíonn Louis Cullen glacadh le dí-shealbhú na n-uaisle mar bhunchúis don tóraíochas sa seachtú haois déag, bhí an ceart aige, áfach, nuair a deir sé gur fhás an tóraíochas ó shaol sóisialta an seachtú haois déag. Ach ní ceart cúrsaí sóisialta agus cúrsaí polaitíochta a scaradh óna chéile mar ní raibh sé ar chumas mhuintir an seachtú haois déag é a dhéanamh. Lena chois sin, is cinnte go raibh mórtais uaisle ardnósacha ag cuid de na fo-chlanna ‘uaisle’ nó ‘extended families’ mar a chuir Cullen orthu. Chaill cuid mhór díobh siúd a réim i gCúige Uladh leis an mhéid Protastúnach, idir Shasanaigh agus Albanaigh, a chuir síos a gcuid fréamhacha sa chúige. B’fhéidir gurb é seo ceann de na fáthanna ar mhair an coincheap i gCúige Uladh go dtí gur tháinig Uilliam i dtír.
Chuir an cogadh seo in éadan na bhFrancach, agus an damáiste a rinne sé do chúrsaí tráchtála le huimhreacha na dtóraithe. Chuir sé isteach go mór, ar ndóigh ar na ‘meathaig uaisle’ a bhí ag cóisireacht ar na gnáthdhaoine. Bhí na gnáthdhaoine féin ag fágáil a gcuid feirmeacha de thairbhe an bhochtanais. Bhí na meathaigh uaisle seo taobh thiar de chuid mhór den tóraíochas i gConnachta agus i gCúige Uladh i Réimeas Shéarlas II.
Ba é Dubhaltach Ó Coisteala an príomhthóraí i dtuisceart Chonnachta sna seascaidí den seachtú céad déag. Throid sé ar son na Comhdhála i gCúige Chonnacht, bhí sé i gcuideachta Shéarlais i bhFlóndras agus tá sé molta aige siúd i litir don aire stáit Clarendon. Chan amháin go raibh sé féin is a chairde eolach i gcúrsaí míleata, ach cuireadh ina leith go raibh siad i dteagmháil le ríocht na Fraince:
those loose idle fellows who vainly aspire to the title rebels have been so suppressed that their dispersion and the obscurity of their walks are their only security. I am told by some who are kept alive that they are able to prove that the French king’s commissions were in their hands.
Ní maireann móran eolais ó na tóraithe féin, diomaite den ‘Fógra Chaitliceach’ agus an liosta ainmneacha a fuaireadh i bpóca de Nógla nuair a maraíodh é i 1662 agus litir a scríobh an Coistealach ag an Bhíocúnta Diolúin. Chuaigh sé i mbun tóraíochta, dar leis an litir, siocair gur fógraíodh é, ‘without question or summons to my vindication’. B’fhéidir go raibh lucht an fhógra amhrasach faoi de dheasca an ghradaim a bhí aige i measc Chaitlicigh Chonnacht, go mór mór nuair a bhí cogadh ar siúl in éadan na Fraince. Nuair a maraíodh é sa deireadh ag duine de mhuintir Diolúin, bhog cuid mhór de thóraithe Chonnachta isteach i gContae Liatroma, mar aon le tríocha de thóriathe Uladh, ar imeall na cúige, faoi cheannas mac tabhartha d’Ó Conchubhair Donn.
Is é cuimhneachán an Ridire G. Acheson (c.1667) an cur síos is fearr atá againn ar thóraíochas i gCúige Uladh sa tréimhse chéanna. Thug sé faoi deara go raibh na tóraithe claonta in éadan na bplandóirí úra agus go raibh an claontas seo le blaiseadh sa litríocht, ‘it is now held a point of gallantry to turn tory, their discourses and songs are in their praise’. Tá an tuairim cruinn go leor nuair a thugtar Marbhna Phádraig Phléimionn, Marbhna Shéamais Mhic Mhuirchidh agus Tuireamh Philip Mhic Giolla Gunna san áireamh.
I leasríocht Bherkeley fuair an tArd-Easpaig Pluincéad cead a chinn ag iarraidh deireadh a chur le tóraíochas i gCúige Uladh. Tá an-chuid eolais faoina gcuid gníomhartha i litreacha an Phluincéadaigh. Cuireadh coinnealbhá i bhfeidhm ina n-éadan in Ard Phádraig i 1678, agus is léir ó fhocail na cinsireachta go raibh i bhfad níos mó ná gnáthghadaíocht i gceist acu, fiú go raibh fo-mhínithe polaitíochta agus gné de náisiúnachas ag baint leo:
The hierarchy warned that the clergy should warn the faithful against aiding or countenancing the bodies of lawless bandits who are called tories who, under the pretence of defending the national right, have infested the country.
In ainneoin go raibh sé gníomhach ina n-éadan, thuig an Pluincéadach go raibh díshealbhuithe Chromail agus Achta Socraithe Shéarlais taobh thiar dá gcuid gníomhartha:
In all Ulster there are scarcely three men who have got back their land. In my diocese, that is in the county of Tyrone and Fermanagh, some members of the principal families of O’Neill, Mac Donnell and O’Hagan, numbering 21 in all set themselves to killing and robbing on the public roads, broke into Catholic houses for food after nightfall and they led this life for nearly four years and nearly all Catholic families were persecuted on behalf of the tories.
An Chomhcheilg Phápaireachta agus Séamas an Chaca
Nuair a bhí Shaftesbury/Buckingham agus na Whigeanna ag iarraidh Séamas a choinneáil ón ríchathaoir, cuireadh comhcheilg phápaireachta ar bun sa Bhreatain. Tugadh an Pluincéadach os comhair na cúirte bréige faoi bheith in ainm is bheith i gcaidreamh le ríocht na Fraince, ag cur tóraithe ann chun bheith ina n-oifigigh ar sheachtó míle saighdiúir a bheadh ag sroichint na hÉireann gan mhoill leis na Protastúnaigh a mharú. Úsáideadh cóip dá litir, a bhí i bpóca Phádraig Phléimionn, an tóraí, nuair a maraíodh é, leis an Phluincéadaach a dhaoradh agus cuireadh an-bhrú ar Urmhumhain, an ‘toraí’ ba thábhachtaí sa ríocht de dheasca na litreach céanna. Ceanglaíodh Réamonn Ó hAnluain isteach in achrann chasta na comhcheilge fosta. Ní hamháin go raibh teagmháil aige le cuid de na finnéithe bréige, ach is léir go raibh na Whigeanna, (trí mhéan Enrí Jones, Easpag Protastúnach na Mí, a iníne is a céile), i dteagmháil le muintir Anluain ag iarraidh pardún a fháil dó ar choinníoll go dtiocfadh sé go Londain mar fhinne. I ndiaidh na faidhbe a bhí aige le litir an Phléimeannaigh, ní raibh Urmhumhain ag iarraidh go n-éireodh leo, agus cuireadh feachtas úr ar siúl, tugadh an sealgaire Lucas in bpost aige agus maraíodh Ó hAnluain is a dheartháir.
Nuair a tháinig Séamas II i réim, cuireadh an tiarna Clarendon isteach mar leasrí ach bhí an fhíorchumhacht ag Risteard Talbóid, iarla Thír Chonaill, a bhí mar cheannaire ar an arm. Bhí cara an Tablóidigh taobh thiar de bhás an tsealgaire is mó i gCúige Uladh, .i. ‘Tory Will’ Hamilton a fuair ‘carte blanche’ i leasríocht Urmhumhan agus a mhic Árainn. Thit sé amach leis an ridire Newcomen, cuireadh oifigeach isteach faoi san arm a raibh sé in aighneas leis, a mharaigh é sa deireadh. Dúradh go raibh Tír Chonaill ar thaobh an fhir seo nuair a tugadh os comhair cúirte é.
De réir na dtuairiscí comhaimseartha Protastúnacha, ní raibh tóraithe i gCúige Uladh ag an am seo go dtí gur thosaigh an Tablóideach ag baint na n-arm de na Protastúnaigh. Chan amháin sin, ach dúradh sna cúntais staire Protastúnacha (saothar an Easpaig King ina measc) go raibh robáil na dtóraithe taobh thiar den tacaíocht a thug siad d’Uilliam Oráiste, tuairim nach bhfuil i bhfad ón fhírinne nuair a smaoinítear ar aingníomhartha an airm faoin Tablóideach agus níos moille, nuair a tháinig Uilliam i dtír, gur thug Séamus II ceart oifigiúil do na saighdiúirí sealadacha a bhí gnóitheach ar a son ar imeall Chúige Uladh, slad a dhéanamh ar na daoine a thaobhaigh le hUilliam. Ní mór dúinn cuimhne ar an fhíric seo nuair a smaoinítear ar na rapairí, polasaithe míleata na Seacaibíteach agus ar an ghadaíocht sa chéad leath den ochtú haois déag.
Is scoláire iarchéime é Éamonn Ó Ciardha in Clare Hall in Ollscoil Cambridge.
Liosta leitheoireachta:
S. Connolly, Religion, Law and Power: the making of Protestant Ireland 1660-1760 (Oxford 1992).
S. Connolly, ‘Violence and order in eighteenth-century Ireland’ in P. O’Flanagan, P. Ferguson and K. Whelan (eds.), Rural Ireland 1600-1800 (Cork 1987).
L.M. Cullen, The making of modern Ireland 1600-1900 (London 1981).
T.W. Moody, ‘Redmond O’Hanlon’ in Proceedings of the Belfast Natural History and Philosophical Society, 2nd series (1937).